Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)

Suíomh:
An Gleann Mór, Co. Kerry
Múinteoir:
Máire T. Ní Chonaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0467, Leathanach 026

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0467, Leathanach 026

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann Mór
  2. XML Leathanach 026
  3. XML “An Ministir Gallda agus an Bacach Mná”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí a’ mhinistir lán-tsásta leis a’ chaoineadh mar níor thuig sé an Ghaodhluinn.
    Ba ghearr gur cailleadh beirt aca le chéile agus fuair Páiste dhá phinginn ach cad a chaoineadh sí a’ phágh agus annsan dubhairt sí :-
    “Mo chroidhe mo mhinistir do thug dhá phinginn dhom
    De bhárr a’ beirt leinbh do chaoineadh
    Agus chrích na beirte se oar a’ mbeirt eile aca
    Ar a’ mnaoí ar féir ‘is ar a mhuinntir”
    Do thaitn a’ chaoineadh seo go mór leis a’ mhinistir is bhí an-chion aige ar Pháiste.
    Seachtmhain ‘na dhiaidh sin do cailleadh an bheirt eile ach? Agus nuair a chonnaic a’ máthair iad fuair sí bás le briseadh croidhe. Fuair Páiste dhá phinginn eile ach iad do chaoineadh. D’ól sí a’ phágh agus annsan dubhairt :-
    “Do fuaireas dhá sgilling ó mhinistir bocht dealbh
    Ach a bhean ‘sa leanbhaí do chaoineadh
    Níl bean , níl leanbh aige níl athair ná máthar
    Ach bféidir go bpósfhadh sé Páiste deagh-chroidheach”
    do thaitn a chaoineadh leis an mhinistir is bhí cion mór aige ar Pháiste. Ní raibh aoinne ag a’ mhinistir chun aon rud a dheanamh dó agus phós sé Páiste.
    Trí lá na dhiaidh sin, nuair a bhí Páiste ag deanamh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
      2. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge