School: An Gleann Mór (roll number 13973)
- Location:
- An Gleann Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire T. Ní Chonaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí a’ mhinistir lán-tsásta leis a’ chaoineadh mar níor thuig sé an Ghaodhluinn.
Ba ghearr gur cailleadh beirt aca le chéile agus fuair Páiste dhá phinginn ach cad a chaoineadh sí a’ phágh agus annsan dubhairt sí :-
“Mo chroidhe mo mhinistir do thug dhá phinginn dhom
De bhárr a’ beirt leinbh do chaoineadh
Agus chrích na beirte se oar a’ mbeirt eile aca
Ar a’ mnaoí ar féir ‘is ar a mhuinntir”
Do thaitn a’ chaoineadh seo go mór leis a’ mhinistir is bhí an-chion aige ar Pháiste.
Seachtmhain ‘na dhiaidh sin do cailleadh an bheirt eile ach? Agus nuair a chonnaic a’ máthair iad fuair sí bás le briseadh croidhe. Fuair Páiste dhá phinginn eile ach iad do chaoineadh. D’ól sí a’ phágh agus annsan dubhairt :-
“Do fuaireas dhá sgilling ó mhinistir bocht dealbh
Ach a bhean ‘sa leanbhaí do chaoineadh
Níl bean , níl leanbh aige níl athair ná máthar
Ach bféidir go bpósfhadh sé Páiste deagh-chroidheach”
do thaitn a chaoineadh leis an mhinistir is bhí cion mór aige ar Pháiste. Ní raibh aoinne ag a’ mhinistir chun aon rud a dheanamh dó agus phós sé Páiste.
Trí lá na dhiaidh sin, nuair a bhí Páiste ag deanamh(continues on next page)