School: An Gleann Mór (roll number 13973)
- Location:
- An Gleann Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire T. Ní Chonaill
![The Schools’ Collection, Volume 0467, Page 037](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0467%2FCBES_0467_037.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0467, Page 037
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mbosca an innill é agus thosnuigh sé ag casadh go raibh ribíní déanta aige dhe. Ba ghearr gur chaith sé a hata isteach in a dhiaidh. Bhí sé ag cur allus go tuigh is bhain sé a bheist dhe gur ghearr sé iad go léir. Thuit a chodhladh sé air annsan. Nuair a dhúisigh sé ar maidin chonnaic sé cad a bhí deánta aige. Ní raibh son rud air ach a leíne is a bhríste. Ghaibh sé síos chun na h-abhann is ghlaoidh sé ar fhear a bhí ar an dtaobh eile is d’iarr sé air é chur treasna is an mbád. Bhí naíre air dul thar droichead áit a raibh an baile.
“A Eoghain cuir an bád anal chugham agus tóg thar an abhainn mé
Mise Tadhg Dhomhnaill ó Leitir na dTarbh.“ Adubhairt sé N’Fheadair cad d’imthigh air na dhiaidh sin ach cuireadh treasna é pé sgeul é.
Ach is dócha nách raibh sé ró bheudheach dó féin ná do’n ragairne.
Cé nách ró-mhór an sgrios a dheineadh ar an bhfear eile i gcomparáid leis an gceann seo níor chauidh sé as chomh saor is a ceaptar – Do thuill sé an oidhche gomaith.
Bhí bhríste nua a chaitheamh aige agus bhí an dá chois salach go glúin. Nigh sé é is chuir sé ar an gelaidhe é ghá dtiormughadh. Nuair a bhí acu chuige an bríste agus do bhís cos leis cos uithe sar ar airig aoinne acu í.- Informant
- Pádraig Ó Cathalán
- Gender
- Male
- Address
- Derreenavurrig, Co. Kerry