School: An Gleann Mór (roll number 13973)
- Location:
- An Gleann Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire T. Ní Chonaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fhaid is a bhí na Gearaltaig ar na Gráige bhíodh na púcaí ag cur isteach ortha , ach ní dheunfhaidís aon díoghbháil go hairighthint.
Gach aon oidhche nuair a bhíodh an súipeár thart agus tig glanuighthe suas iosnuigheadh an chipineach agus an bualadh. Caithí caidhreáin agus prátaí le muinntear a’tighe. Bhí rud le tabhairt fé ndeara nárbh iad na caidhreáin a bhíodh istig a caithí leo in aon chor ach an brúscar a scuabtaí amach.
Bhí dúil mhór aca a bheith ag caitheamh le bean Uic Gearailt. Do théigheadh sé idir an beírt cailín aimsire sa leabhaidh ach gerbheadh sí an phléasgad cheudhna is dá mbeadh sí amuich sa pháirc. Bé an chuid ba mheasa dén sgeal ná buailtí na cailíní aimsire in aon chor.
Cé ná raibh na púcai a ‘ deanamh aon díoghbháil , mar sin féin ní ró shona shásta a bhí muinntear a’ tíghe. Tar éis tamaill thug bean a thighe turus go dtí an sagart mar gheall ar an sgeul. D’fhiafeuig sí dhe cad ba cheart di a dheanamh nó a’moladh sé di ceist a chur chúcha Chomharlaig an sagart di gan(continues on next page)- Informant
- Tomás Micil Mac Gearailt
- Gender
- Male
- Age
- c. 50
- Address
- Inse Fhearann na gCléireach, Co. Kerry