School: An Gleann Mór (roll number 13973)
- Location:
- An Gleann Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire T. Ní Chonaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann Mór
- XML Page 065
- XML “Na Buachaillí Bána”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Na Buachaillí Bána
Cuireadh fios chuig an tsagairt i gCathair Dhómhnaill go rabhadar chun ghlaodhach air , agus gach haon nídhe beith ullamh dóibh. Do scríghid an sagart litir i nGaedhluinn agus thug do’n teachtaire í le tabhairt chun captain na “buachaill bána”,
Thug sé dhó é is do léig a Captaen a ‘ litir agus sé rud a bhí innti ná.“Ní líon díbh na cnuic
Ná na sléibhte féin a mbun
Ná coille dubha an fhéir-ghlais
Ná cár ghaibh ar tháinig rómhaibh riamh
D’airm agus d’Fhianna Éirinn
Tachaidh anoir andheas
Go beannuighthe nár measg
Bainrioghain na dream naomhtha
Tacaidh sé go humhal ar cealga a nglúin
Ag achuingidhe ar a bPrionnsa Naomhtha
Tachaidh anoir adtuaidh na peannadacha fuar
Sgata de gceannaibh éachta
Sgiofaidh leo síos go hIfrinn i
Gach anam le’n a línn a daorfar”
“Seadh a buachaillí “ ar seisean “Brisighidh bhúr ngunnaí ar an ngollán seo feuch a’ dtógfhaidh Dia anois féin sinn “- Informant
- Muiris Ó Riordáin
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Baslickane, Co. Kerry