School: An Gleann Mór (roll number 13973)
- Location:
- An Gleann Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire T. Ní Chonaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann Mór
- XML Page 080
- XML “Croch Gheal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Buachaill uaidh. “Cad a dhéanfá dom ? “ arsa Aristotil “Gheibhilfim ba go nÁluinn Is dá mba ghádh do chrúdhfainn iad” arsa a’ buachaill go blasda. “Díreach an fear a bhí uaim le fada” arsa saoi. Ba gheárr go raibh an triómhadh mac chuige agus siopaí fé. D’fhiafraigh de’n bhfear mór a bhfaghadh sé aimsear uaidh. “Aruí cad a dheanfá-sa dom a dhuine ?” “Geárrfainn adhmad go bínn “ arsa an bhuachaill “Agus dá mba ghádh é dheanfainn cead-áiseamhlacht eile”
“Fan go ceann ráite “ arsa an bhfear mór.
Nuair a tháinig an oidhche bhíodar i bhfhocair a chéile i dtig Airistotil. Dubhradh leis am sgéalaidhe sgéal d’innsint. “M’fheadar an orm féin nó ar fhear a’ tíge a raghaidh an chead sgéal” ar seisean. “Tá an ceart agat ar fhear a’ tíghe gan amhras” arsa Aristotil. D’innissé sgéal. Annsan tosnuigh mac na Bard Scolóige agus lean sé ar go raibh sé in am Liopacha. ( leaptacha )
Le deargadh na neal ar maidin do ghlaoidh Aristotil go hairthinneach ar aodhaire na mbó ach má ghoidh ní fhuair s’e aon fheagra. Cuaidh sé go dtí an leaba agus sé chuma go bhfuair sé é ; bhí dhá léine aige , cuireadh sé cead air , bhaineadh sé de airís é ; curieadh sé an cheann eile air is bhaineadh sé é sin de. “Cad é sin a dheanamh agat ?” aras an maighistir. “M’athair is mo mháthair a d’fhág dhá léine agam, n’fheadar ciocu ‘cu is athchuimhre i ngaol dom ciacu ‘cu is ceart a chur lem’ chneas” a dúbhairt an buchaill. “Is aithcuimhre tathair go mór duit” arsa Aristotil.(continues on next page)- Informant
- Tadhg Mac Giolla Coda
- Gender
- Male
- Address
- Tuairín Uí Dhuinnín, Co. Kerry