Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)
- Suíomh:
- An Gleann Mór, Co. Kerry
- Múinteoir: Máire T. Ní Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann Mór
- XML Leathanach 086
- XML “Croch Gheal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an oidhche roimhe sin d’imthigh an beirt fén a dhéin chuadar go dtí an poll. “ Fanse amuigh” arsan seanduine “ Is géire sa radharc tusa ná mise”. Bhí an tsamnt san airgead aige. Isteach leis a’seanduine. Sáthadh go dtís na gualainn i nduibheagán a tarra. Bhí sé ag glaodhach ar a bpríntíseach é thógaint amach ach chuaidh an tarra síos na scórnaigh agus do thacht sé é “Tá agamsa cad a dheánfad” arsan bhfear amuigh “ Bainfeadh an cheann de”. Do dein chuir sé ceann i ngairdín. Nuair a chuaidh sé a bhaile d’fhiafruigh an tseanbhean de cá raibh a’seanduine. “Is cuma duit cá bhfuil sé” ar seisean thosnuigh sí ag gol. “Mara bhfeicfeá coidhche é nách bhfuilim féin im bhallacht níos feárr agat”. Stad sí de’n dúiseareacht agus do chuaidh sí a chodhladh di féin.
Ar maidin fuarathas an seanduine i nduibheagán an taraigh is gan aon cheann air. Cuireadh fios ar an nDall Bán. Sé an cómhairle thug sé dhóibh na an colann do ceangal le capall aibh agus é tarrac tríd a’ gcathair nuair a bheithfadí ag gabháilt tar tighe an tseanduine tháinig an seana bhean ar a dtáirsigh is chas sí ologón go fada fuideach. Isteach leis an ngárda. Nuair a chonnaic an príntíseach ag teacht é, leog sé a ordóg ar bloc is do geárr é. Rith sé i gcoinnibh an gárda agus dubhairt leis cén iongnadh bhí ortha an bean a bheith ag gol agus é féin gearrtha chómh dona san(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tadhg Mac Giolla Coda
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tuairín Uí Dhuinnín, Co. Kerry