School: An Gleann Mór (roll number 13973)
- Location:
- An Gleann Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire T. Ní Chonaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann Mór
- XML Page 093
- XML “An Coileáinín Uasal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Chuir An Buitléarach Coileán óg go dtí an Gleann chun é chothú. Bhuail Roibárd Hairis isteach sa tig mar a raibh sé agus seo mar adubhairt :-
“Is a choileáin bháin an án gCoirreán a ghluaisis
Nó an ann a d’fágais an t-ál ‘sa chuainthe
Mar a bhfuil cuileachta grádmhar ar bhruach trágha buaidhreamh
Agus Luigh go hárd agaibh gach lá acu ag gluaiseacht.”
Seo mar fhreagair an coileán :-
M’as file gan cháim thú níl sáil ar chuntaibh
Níl aon cuantas le fághail ar mo cháirdibh uaim le
Ach gur thiar ag an gCoirreán atá an duine uasal
A thabharfaidh do chách gach lá mo thuairisg.
(tá rud éigin in easnamh annso )
B’fearra do *Tadg is do’n mhaighistear ( Riobárd Hairis)
A ráidthe is a nduanta ;
B’fearra dhóibh ‘n-a lámhaibh an ramhan nó an tsluasad.
--------
Ná bheith ag déanamh dánta do choileánaibh uaisle
* tadhg Ó Conchubhar file eile a mhair sa Ghleann- Informant
- Pádraig Ó Conaill
- Gender
- Male
- Age
- c. 76
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Ceapaigh na gCrann, Co. Kerry