School: An Gleann Mór (roll number 13973)
- Location:
- An Gleann Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire T. Ní Chonaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann Mór
- XML Page 103
- XML “Raithineach a Bhean Bheag”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do chuadhas-sa lá go Barra na hAoine
Cé bhuailfidhe liom ach truír seana críonna
Bhí duine (a)cu a fuinneadh ‘gus duine ‘cu a’ sgríobadh
Agus duine eile á fáscadh tré thoín seana-bhríste !
II
Bárr Spúncáin ní thráchtfainn choidhche air
Baile mór áitreabh is é lán de dhaoine
Meileann said garbh é is bíonn leacach in a chroidhe istigh
Bíonn cluig ar a gcarball ar feadh leath de’n oidhche
Curfá
Raithineach a bhean bheag , a bhean bheag , a bhean bheag
Raithineach a bhean bheag , Raithineach go díreach
Raithineach a bhean bheag , a bhean bheag , a bhean bheag
Raithineach a bhean bheag is déanfaimíd an císte Bhíodh steampaí ana choitchiann , an uair úd adubhairt sí
Ba mhinic a dheinidís é mheilt ar an gcloich gréine
Nuair a theighdís ar aon turus ( go h.Aonach a’ Phuic ) nó go Corcaigh le feirein ime ) bhíodh císte steaimpí in a bpócaí mar lón bhóthair agus “Níorbh olc é !”- Informant
- Máire Bean Uí hÁilgheasa
- Gender
- Female
- Age
- c. 88
- Address
- Na Tuairíní, Co. Kerry