School: An Gleann Mór (roll number 13973)
- Location:
- An Gleann Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire T. Ní Chonaill

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0467, Page 118
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is mó duine greannmhar a chur Dia ar an saoghal ó chur sé an cheud fear ann.
Pé sgeul é bhí daoine i gCíll Mhic Ciaráin agus bíodar ana amaideach ar fad. Bíodar ag dul go Cíll Orglan lá le feircín ime. Chuireadar an feircín ar dhrum an chapall do bhí acu agus d’imthigheadar leo chun an ime do dhíol.
Dubhairt an bheirt le’n a chéile i dtosach an turas dóibh. An cheud focal beurla a chloisidís ar an mbóthar go bhfooghluimeochaidís é. Seadh chuadar ar an dturas agus ar an mbóthar abhaile bhuail fear leo agus dubhairt “Good Morro”
Bíodar ag rádh “Good Morro” go dtí gur thángadar go ciseach nar chuaidh an capal ar lár sa bhfuirse go léir agus iad ag tarraingt an chapall do dearmhadadar an focal. Ní rabhadar i bhfad ám ndubhairt duine gur dócha gur sa chiseach a chailleadar iad. Chuadar thar -n-ais agus seo iad chuardach agus ag lapdáil sa phluda. Sa deire fuair duine acu gad. Luigh sé amach. Tá sé agam an focal beurla “Gad Marbh”
Sin é mo sgeul agus má tá breig ann bhíodh.- Informant
- Máighréad Bean Uí Cheallaig
- Gender
- Female
- Address
- Na Grága, Co. Kerry