School: An Gleann Mór (roll number 13973)
- Location:
- An Gleann Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire T. Ní Chonaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann Mór
- XML Page 136
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí sean duine ag fágail báis i gCáintíní fadó agus bhí sé ag comhairluí a mhic ar chonus obair na feirme a dheunamh. Bhí bó ar fairach acu le fear darb ainm dó Fionán agus bhí aon bhó gheadach acu féin. Bhí dhá choca feír ar an bhfeirm coca feír-mhín agus coca seisge. Nuair a bhí gach ní ráidthe aige le n-a mhac bhi an mac ag dul amach ón t-seomra uaidh. Ach Ghlaodaig an Sean-duine airís air agus ar seisean :-
“Tabhair an seisg do bhó fenghín (Fhionáin) agus an feár-mhín do’n bhó gheadach.”
Cailleadh an sean-duine agus lean a mhic go dlúth dá chomhairle. D’ith an bhó gheadach an feár mhín go léir agus bhí sé ag damhas le teasbach dearg i dtosach na Bealtaine.
Ach do chuir bó Finghín ná fuair ach an seisg laetheannta na bó Riabhaice di freisin agus bhí an bhuadh aice i gcomhnuidhe ar an mbuin eile. Is ead deirir ach gur chaith bó finghín an bó gheadach isteach i ndíg domhin uisge agus báthadh ann í.
“Is mairg a deineann feall ar dheagh-chomharsain !”- Collector
- Diarmuid Mac Giolla Choda
- Gender
- Male
- Informant
- Donncadh Mac Giolla Choda
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- c. 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tuairín Uí Dhuinnín, Co. Kerry