Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)
- Suíomh:
- An Gleann Mór, Co. Kerry
- Múinteoir: Máire T. Ní Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Siad breed uaisle Chárthainn
Tá i bPáirlimint n-a suidhe go teann
Beidh Éire ‘cu buaidhte láithreach
Is is gear go mbeidh chugainn anall
Tá Rí na gcomhacht ‘A mháthair
Mar ghárda acu gach lá ar a namhaid
Do thabharfaidh Domhnall Slán chughainn
Faoi áthas é féin is a chlann
II
Tiocfaidh anois láithreach
‘Fleet’ láidir chugainn ón Spáinn anall
Sgriobham go Port Láirge is landálfar na trúpaibh ann
Beidh Ó Conaill n-a Rígh ar Éirinn
Is go tréith-lag guidhim a namhaid
Is a chailín bhig na luachra sin buaidhte ‘gat ar Clannaibh Gall
III
Tá Muirs Óg in Éirinn dtaobh de na member reamhar
Is a ainm súid ní leíghfear in aon áit go mbeidh sé ann
Mar is prionnsa mór de’n Gaedhilge é
Agus Gaedhluinn acu á labhairt
Agus ní le heasnamh Beárla é
Ach mar ghéarluinn ar Clanna Gall(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí hÁilgheasa
- Inscne
- Baineann