Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)
- Suíomh:
- An Gort Buí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Gilbert Mac Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort Buidhe
- XML Leathanach 017
- XML “Loch na Péiste”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fad ó. Bhí Naomh Pádraig in Dún Ló agus chuala sé go raibh píast mhór ins an mBeárna. Chuaidh an Naomh suas an Beárna go dtí tig feirmeóra a bhí ann. Stad sé ann ar feadh seachtmhaine nó mar sin agus fuair sé amach an áit in a raibh an phíast. Chuaidh Pádraig go dtí an áit, agus bhí buidéal uisce-beatha aige. Thosnaig sé ag cainnt leis an bpéist agus thug an naomh braon de'n drúichtín sléibhe as an mbuidéal don phéist.Bhíodar ag cainnt tamaill agus bhí an phíast ag ól. Fé dheire bhí sí ar meisce, agus thuit sí na sámh codladh. Fuair Naomh Pádraig bosca mór láidir annsan agus bhí glas ar an mbosca. Rug sé ar an bpéist agus chuir se isteach sa bhosca í. Annsan chuir sé an glas ar an mbosca. Thóg sé an bosca annsan agus chaith sé isteach sa loch é. Nuair do bhí an bosca síos idtón na locha dhúisig an phíast agus thosnaig sí ag glaodhach.A Phádraig! A Phádraig, ar seisean, leig amach, as an áit seo mé.Leigfead amach tú amáireach? arsa Pádraig(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Diarmaid Ó Donachadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí