School: Gort Buidhe (roll number 14509)
- Location:
- Gortboy, Co. Kerry
- Teacher: Gilbert Mac Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort Buidhe
- XML Page 057
- XML “Stráice an Staimpí”
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an bheidhleadóir agus níl sé agam”, “Bhell” arsa Stráice
“Seinn suas dhom an ghé agus an ganndal”
“Níl an ceann san agam leis” ars an bheidhleadóir ,
“Seinn an chearc san aiteann” arsa Stráice
“Níl sé agam” ars an bheidhleadóir
“Seadh” arsa Stráice “éirighimís as”
Shuidh sé siós go sásta agus bhí buaidhte aige ar na cailíní
Domhnaill Ó Cróinín Gortbhuidhe
Diarmaid Ó Conchubhair
Cúl Ruadh
Lios-a-phúca
Co Ciarraighe (no title)
“Bhí Mícheál Díarmaín agus fir eile ag obair lá i mBánchluain.”
Bhí Mícheál Díarmaín agus fir eile ag obair lá imbán Chluain. San tráthnóna glaodhadh isteach cun a gcuid tae. Bhí tae, arán, im, caoir-fheoil-fuar, mustard agus soghluistí eile ar an mbórd. Nuair iompuig an chócaire a drom thosnuig Mícheál ag blaiseadh na soghluistí. Thóg sé lán spiúnóige de gac rud a bhí ar an mbórd. Bhí fear eile inaice leis, agus shín sé an mustard cuig Mícheál."Blas é sin" ar seisean "tá sé go hana-dheas." Do sháith Mícheál a spiúnóg síos air, agus do slog sé trí spiúnóg móra síar sar a mhothuig a scórnach ar lasadh.(continues on next page)