School: Gort Buidhe (roll number 14509)
- Location:
- Gortboy, Co. Kerry
- Teacher: Gilbert Mac Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort Buidhe
- XML Page 101
- XML “Cros Bhríde”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cros BhríghdeBhíos ag léigheamh mar geall ar an mbrídeóig agus mar geall ar Chrois Bhríghde.
Connac na buachaillí go minic ag dul timcheall na háite,an oidhche roimh Lá Fhéile Bríghde leis an mbrídeóig,acht ag bailiú airgid a bhíodar cun oidhche rinnce a bheith aca. Connac na buachaillí gléasta suas cun ná thaithneóchadh aoinne íad. Bhíodh an bhrídeóig ag an gcaptaen agus thagaidís go léir isteach sa chistin agus do dheinidís greas rinnce,annsan thógadh an captaen an tairgead agus théighidís go léir go dtí an chéad tig eile.
Bhíos ag ceistiú na mbuachaillí annso,agus fuaras an méid eolais seo thíos mar gheall ar an slighe go ndeintear an obair i Maol-lios.
Cupla oidhche roimh lá Fhéile Bríghde,bailigheann na buachaillí agus na cailíní i dtig feirmeóra éigin agus deineann síad an bhrídeóg agus Cros bríghde leis. bíonn an Bhrídeóg cosamhail le bábóig ana-mhór. De tuighe agus píosaí bhíre a deantar an chros. Oidhche roimh lá Fhéile bhríghde bailigheann síad sa tigh céadna arís agus tógann ceann dos na buachaillí an bhrídeóg agus an Chros ceangailte uirthi anáirde ar a ghualainn chlé agus amach an doras leó go léir(continues on next page)- Collector
- Dáithí Ó Léain
- Gender
- Male
- Address
- Lisleibane, Co. Kerry
- Informant
- Diarmaid O Léain
- Gender
- Male
- Address
- Lisleibane, Co. Kerry