School: Gort Buidhe (roll number 14509)
- Location:
- Gortboy, Co. Kerry
- Teacher: Gilbert Mac Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort Buidhe
- XML Page 141
- XML “Lá Crosta na Bliana”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an píosa éadaig do dhéanamh i gceart. Bhí na snátha ag dul in achrann aige agus bhí sé ar buile. Do stad sé fe dheire agus amach ar an mbóthar leis. Cé bhí ag gabhail thart acht an sagart pharóiste agus bhíodar ag cainnt. Dinnis an figheadóir don sagart an sgeal mar geall ar an obair a bhí idir lámhaibh aige. Cuaidh an Sagart isteach sa tig agus d'feuch sé san obair agus dubhairt sé annsan. Cathain a thosnuighis an obair seo agus dubhairt an figheadóir go raibh é an lá san a thosnuig sé an gnó. "Ó, tá go maith," ars an sagart "Nach é seo ceann dos na laetheannta crosta den mbliadhain". Ní ceart aon obair nuadh do thosnuig indiú. Scaoil amach an snáth arís agus thosnuig an obair lá eile gus beidh sé ÁLRÍGHT agat. Do dhein an Figeadóir mar a dubhairt an sagart leis, agus do dhein sé an gnó i gceart.
Diarmaid Ó Leain
Lios-liath-bhán
Co Ciarraighe- Informant
- Diarmaid Ó Leain
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Address
- Lisleibane, Co. Kerry