Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)
- Suíomh:
- An Gort Buí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Gilbert Mac Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort Buidhe
- XML Leathanach 141
- XML “Lá Crosta na Bliana”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an píosa éadaig do dhéanamh i gceart. Bhí na snátha ag dul in achrann aige agus bhí sé ar buile. Do stad sé fe dheire agus amach ar an mbóthar leis. Cé bhí ag gabhail thart acht an sagart pharóiste agus bhíodar ag cainnt. Dinnis an figheadóir don sagart an sgeal mar geall ar an obair a bhí idir lámhaibh aige. Cuaidh an Sagart isteach sa tig agus d'feuch sé san obair agus dubhairt sé annsan. Cathain a thosnuighis an obair seo agus dubhairt an figheadóir go raibh é an lá san a thosnuig sé an gnó. "Ó, tá go maith," ars an sagart "Nach é seo ceann dos na laetheannta crosta den mbliadhain". Ní ceart aon obair nuadh do thosnuig indiú. Scaoil amach an snáth arís agus thosnuig an obair lá eile gus beidh sé ÁLRÍGHT agat. Do dhein an Figeadóir mar a dubhairt an sagart leis, agus do dhein sé an gnó i gceart.
Diarmaid Ó Leain
Lios-liath-bhán
Co Ciarraighe- Faisnéiseoir
- Diarmaid Ó Leain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Lios Leadhbáin, Co. Chiarraí