School: Curraichín (C.) (roll number 15979)
- Location:
- Curraheen, Co. Kerry
- Teacher: Eibhlín Ní Chonchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Curraichín (C.)
- XML Page 209
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí lánú ann fadó ná raibh aon chlann aca. Do chomhnuigheadar thiar i n-aice le Daingean. Bhí an fear ag cur turnaipí lá agus ní raibh a dhóithin de'n tsíol aige. "Téir do'n Daingean" ar sé, le na mhnaoi, "agus tabhair abhaile leat leath phúnt de shíol turnaipí chugham". Rug sí léi a péire bróg pósta fé na h-ascail, agus dubhairt sí ná gcuirfeadh sí uirthi iad , go mbeadh sí i n-aice baile mór an Daingin. Trí Mám Clasach agus thar Slíabh an Fhiolair a ghaibh sí agus traochadh í. Nuair a tháinig sí go barr an Chlasaigh d'fhéach sí na ceithre h-áirde n-a timcheall. D'iompuigh sí a dá súil go dtí na Flathais agus arsa sí
"A Dhia mór naomhtha, nach fada fairsing í Éire". D'imthig sí uirthi agus ag Golán na Cille Brice, bhuail sí uirthi agus a péire bróg agus bíodh sí ag gáire cuichi féin nuair a cloiseadh sí ag gíoscán iad. Ráinig sí an Daingean agus cheannuigh sí na síolta agus b'ait léi, nuair a bhí sí ag siubhal na sráide ná raibh aoinne ag tabhairt na mbróg fé ndeara. Seo léi abhaile agus nuair a bhí sí tamall ó'n Daingean bhain sí dhi na bróga. Bhí sí ag cur 'an bóthair di ansan chómh mear agus d'fhéad sí cun na bhéarfadh an oidhche uirthi. Bhí a cosa clogtha ag na clocha. Nuair a bhí sí ag déanamh suas ar bhárr an Chlasaigh bhí an oidhche ag tuitim agus an bhean bhocht ag bogh sodar agus gan í ag tabhairt aon aire do sna clocha, nuair, slán mar innstear é, bhuail sí a cos ar cloch agus baineadh barra na méire dhi. Sé céad rud a dhéin sí ná í féin a chaitheamh ar a dhá ghlúin, adubhairt:-
Céad moladh leis an Rígh dhil
Gurb é an lúidín atá díomsa,(continues on next page)- Collector
- Máighréad Ní Clubhain
- Gender
- Female
- Address
- Knockaunglass, Co. Kerry
- Informant
- Máighréad Uí Clúbáin
- Gender
- Female
- Age
- 86
- Address
- Dooaghs, Co. Kerry