School: Curraichín (C.) (roll number 15979)
- Location:
- Curraheen, Co. Kerry
- Teacher: Eibhlín Ní Chonchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Galar ana mí-shuainneasach iseadh teineas fiachal agus ní bhíonn aon truagh dó. Ach ar a shon san ta sé cómh cruaidh de h-aon pian eile a bheadh ar dhuine ar fhaid is a leanann sé. Tá alán daoine a bhíonn ag deunamh leighis do, ac níl aon leigheas is fearr ná é tarrach amac as do cheann. Bíonn alán daoine ag dul go dtí dochtuirí chun buidéal agus leigeasanna dfagáílt cun an pian do marbhú ach gnó-dícei (?) mar nuair a tosnuigheann fiacal ag dreóchtail (?) nil aon mhaitheas bheith ag deunamh leighis do. Do bhí cuid des na daoine fadó ana simplidhe ina mheóin. Nuair a thagadh teinneas fiachall ar dhuine aca faghaidís códa agus ceangailidir ar córda do'n bfiachall agus beireadh duine aca ar ceann an córda. Deireadh duine eile aca ar fód dearg den teine agus deineadh sé an fód dearg a háid go h-obann i gcoinnibh an duine go mbeadh an pian air agus do choingbheoadh an duine eiel greim daingean ar an gcorda. Nuair a bhíodh an fód dearg ag dul inacie leis an duine go mbead an pian air tarraingeadh sé a ceann go tapaid agus tagad an fiacal amach. Sin é an tslighe go ndeinidís fiacla do tharrach sa tseana saoghal.