School: Curraichín (C.) (roll number 15979)
- Location:
- Curraheen, Co. Kerry
- Teacher: Eibhlín Ní Chonchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Curraichín (C.)
- XML Page 212
- XML “Na Fíníní”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá abha i n-aice le Cathair Saidhbhín ar a dtugtar Abha na Feirte. Ar bhruach Abhann na Feirte timcheall dhá mhíle ó Chathair Saidhbhín tá fothrach de shean chaisleán Baile Cairbre
Sa bhliain 1867 do bhailig Finníní Uibh Ráthaigh ann agus chualaidh na Sasanaig go raibh na Finníní ins an gcaisleán
Do bhí long cogaidh i gCuan Bhéil Ínse fé’n am gceudna agus do cuireadh focal anuas ó Bhlá Cliath go dtí captaen na luinge cogaidh a bhí sa chuan an caisleán do leagadh go talamh le na gunnaí móra. Do dhein an captaen fé mar d’orduigheadh dó a dheunamh ach bhí na Finnínní tar éis dul as an gcaisleán agus bhí sé follamh nuair a leagadh é.
Tháinig na Finníní a bhí sa caisleán fé dhéin Gleannbeithe agus ar an tslighe dóibh do bhuail piléir leo. D’ orduigheadar do stad ach níor stad sé. Bhí sé ag marcuigheacht ar capall breágh agus dhein sé iarracht a ghunna do tharrach ortha ach bhíodar ró mhear dó agus do mharbhuigheadar [?]é. Deirtear gur bé mac le Piléir i gCathair Saidhbhín a chuaidh amach leis na Finníní a mharbhuig é. Do thóg na Finníní a mharbhuigh é capall leó agus chuadar amach tré Gleanncárrtha go dtí Coill na dTóime i gCill Áirne ach nuair a shroiseadar Cóill na dTóime bhí na Cótaí Dearga ann rómpa i n-inead na Finníní agus is ar éigin a bhíodar ábalta éalódh uatha Do chuir san deireadh leis na Finníní i gCo. Ciarraighe.- Collector
- Nora Ní Laighin
- Gender
- Female
- Informant
- Diarmuid Ó Laighin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Curraheen, Co. Kerry