School: Leitir (roll number 15668)
- Location:
- Letter East, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Mac Eóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 015
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seana-Sgéul Bhí gréasaidhe ann fadó go raibh tig beag, clúthmhar, compórdach aige. Bhí sé pósta, agus cé go raibh sé bocht, bhí saoghal suairc subháilcheach aige. Deineadh sé bróga maithe, is bíodh sé ag obair moch déanach, ach chuaidh an saoghal ina choinnibh, agus lá amháin dubhairt sé le na mhnaoi, ná raibh de leathar achu, ach dhóithín pheidhre bróg a dhéanamh. “Níl leigheas air,” arsa an bean, “ach is goire cabhair Dé ná an doras.” “Gearrfad an leathar so i bhfuirm is is gcóir, déarfhaimíd ár bpaidreacha is raghaimíd a chodhladh ,” arsa an gréasaidhe. Deineadar amhlaidh. Nuair eirigheadar ar maidin bhí ionghnadh a gcroidhe ortha, mar bhí pheidre bhreágh bróg ar an mbórd. Bhíodar déanta cómh slachtmhar san go ndubhairt an gréasaidhe tar éis íad do iniúchadh go maith: “Dar mo choinsís, ach ní h-aon cabléir a dein íad so.” Níor bhfada go dtáinigh cuistiméir isteach, taithn na bróga leis is cheannuig sé íad. Cheannuig an gréasaidhe leathar i gcóir dá pheidhre bhróg, gheárr sé é i bhfuirm is i gcóir é, is chuaidh sé a chodhladh. Nuair a eirigh sé ar maidin amáireach bhí dhá pheidhre bróg ar an mbórd, is bhíodar déanta níos slachtmhaire ná pheidhre an laé roimis sin. Tháinig beirt cuistiméir isteach, is ceannuigheadar na bróga. Lean an sgéul mar sin ar feadh abhfad – d’fhágadh an gréasaidhe leathar ar an mbórd istoidhche, is nuair eirigheadh sé ar maidin gheibheadh sé bróga i na ionad. Do leath a cháil, mar ní raibh sárú na mbróg le fághail in aon bhall. Dubhairt bean an gréasaidhe lá amháin gur chóir dóibh a mbuidheachas(continues on next page)
- Collector
- Siobhán Ní Curnáin
- Gender
- Female
- Informant
- Siobhán Bean Uí Curnáin
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- Kealduff Upper, Co. Kerry