School: Leitir (roll number 15668)
- Location:
- Letter East, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Mac Eóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 022
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)siseál agus casúr, agus do dhein sé dhá pholl dá shúile agus chuir sé uirthi arís é, agus sgaoil sé amach í. Ní nach ionghnadh bhí sé istig sa choca arís ar maidin. Nuair a chonnach sé an bó istig sa cocha arís, d’imthigh sé isteach cun Máire. “Ariú Máire” ar seisean “sí an diabhal é, maireóchaimíd í i gcóir na Nodhlag.” “Tá go maith, a Phádraig, “cuirfimíd fios ar an mbúistéir. Tháinig an búistéir agus nuair a chonnach an táilliúr ag teacht é, do chuaidh sé in-áirde ar an mbórd ag déunamh bríste, mar ba gnáthach leis. “Cuir fios ar dhuine éigin a coineóchaidh an bó” arsa Phádraig. “Ní gádh “ arsa Máire, “coineóchainn féin í, tá sí machánata, tá aithne aici orm, fanaidh sí socair.” Cuir an búistéir téad ar an mbuin, agus bhí sé ag féuchaint uirthi. Bhí fear súil an búistéir. “Cá mbuailear anois í” arsa an táiliúr. “Ó, táim ag féuchaint ar an spota.” “Má tá tú” arsan táiliúr “leog mise amach.” Do phreab an táilliúr do’n mbord agus sgannraidh sé an bó. Do strach an bó Máire amach an doras leí, agus an búistéir ‘na dhiadh, agus an táiliúir in-dhiadh an búistéir, agus madraí an baile ag amhstraig ortha. Cuir an bó a adharcha idir dá gabhair a bhí ceangailte le slabhra, agus strach sí léi iad, agus an dhá gabhair ag beichig. Ní raibh fhios ag an bó cá raibh sí ag dul. Do thuit an bhó agus an dhá gabhair le claidhe agus do mharbhuigheadh iad. Le cómharsa a bhí an dhá(continues on next page)
- Collector
- Caitlín Ní Coisdealbha
- Gender
- Female
- Informant
- Caitlín Bean Uí Coisdealbha
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- Kilkeehagh, Co. Kerry