Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)

Suíomh:
Letter East, Co. Kerry
Múinteoir:
Tomás Mac Eóin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 021

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 021

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir
  2. XML Leathanach 021
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seana-Sgéul
    Bhí táiliúir ar an mbaile seo againne uair, é féin agus a bhean. Bhí aon bó amháin aige, ach ní raibh spota talmhan aige, ach taobh an bóthair amháin. Do bhailig sé spaoil féir annso agus annsúd i gcóir an Geimhridh dí. Do dhein sé suas an soipín féir i gcocha beag. Do chuir sé bathaí agus cipíní mór-thímcheall uirthi, cun é spáireál i gcóir an droch-lae, dar leis go raibh a dhóthain le n-ithe aichi lasmuigh ar fead tamaill.
    Nuair d’éirig an fear ar maidin bhí an bó istig san iothlann agus í ag ithe an soipín féir. Bhí sé ar buille, agus dúbhairt sé leis an bó, ith uait é, agus faigh bás nuair a thagaidh an droch-lae, do díobháil féin atá agat ‘ghá déunaimh. Dúbhairt sé ans sgéul dá mhnaoí nuair a chuaidh sé isteach.
    “Ariú Phádruig” ar sise, “chuir púcín uirthi, agus ní fheachadh sí aon choca.” “Tá go maith, a Mháire,” ar seisean, "tá an cheart agath deinimh rud ort."
    Fuair sé buicéid stáin agus do dhein sé oireamnach dá cheann é, agus cheangal sé ar adharca é le téadán. “Seadh anois, a Mháire, bhfauil sé ceart.”
    “A Phádraig a gala níor fhághais an slíghe dá shúilibh ann.”
    “Ó dar fia a Mháire tá an ceart agat, do bheadh sé loithighthe agam mar a mbeadh tusa ann”
    Do bhain sé anuas do’n bó arís é, fuair sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Coisdealbha
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Caitlín Bean Uí Coisdealbha
    Inscne
    Baineann
    Aois
    50
    Seoladh
    Kilkeehagh, Co. Kerry