School: Leitir (roll number 15668)
- Location:
- Letter East, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Mac Eóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 086
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- SgéalDo chuaidh fear go Cathair Saidhhbhín fadó. Do bhí aonach ann an lá san, agus do cheannaig sé bó. Ar an slíghe abhaile dó, bhuail bean leis, agus dúbhairt sí gur breagh an bhó a bhí aige. Ní raibh an fochal raidhte aici, nuair do thuit an bhó marbh ar an mbóthar.
Do thárlaidh, go dtáinig an sagart an treó, agus nuair do chualadh sé conus a bhí an sgéal dúbhairt sé leis an mnaoi, “Bean ó Dia uirthi” do rádh. Ní raibh na fochail ráidhte aice nuair d’eirig an bó airís. Do siúbhal an fear in dhiaidh chómh maith is nár thárlaidh aon nídh, acht geallaimse dhuit go raibh sé ag tabhairt buidheachas do Dhia.Pádraig De Búrca a sgríobh
Seán De Búrca (75) d’aithris (ná maireann)
Cúl-na-h-Airtigil,
Gleannbeithe,
Co. Chiarraí.- Collector
- Pádraig de Búrca
- Gender
- Male
- Informant
- Seán de Búrca
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Address
- Coolnaharragill Upper, Co. Kerry