School: Leitir (roll number 15668)

Location:
Letter East, Co. Kerry
Teacher:
Tomás Mac Eóin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 087

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 087

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitir
  2. XML Page 087
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéul
    Bhí fear ann tráth darab ainm Seán Mhichíl, is bhí ana-dúil sa bhraon aige. Thagadh sé abhaile ar a deich a chlog istoidhche, shuidheadh sé ar a cathaoir compórdaigh in aice na teine, líonadh sé gloine le h-uisge bheatha, is bhaineadh sé dúig as ar a súbháilcheacht. Nuair a bhíodh an gloine folamh aige, líonadh sé airís é, agus, ní nách ionghnadh níor bhfada go raith creathadh ina láimh, is thuiteadh braon de’n uisge beatha ar an úrlár ó an go h-am. Bhí luch bheag i bpoll sa t-seómra is tháinig sí amach fé dhéin an bhraoin uisge bheatha, d’ól sí é is thaitn sé léi. Chuaidh sí isteach sa pholl annsan, is d’fhan sí ann gur thuit braon eile. Chuaidh sí fé ‘na dhéin airís is d’ól sí é. Fé mar a thuiteaadh braon ó ghloine Sheáin thagadh sí amach is d’óladh sí é. Fé dheire sheasaimh sí ar a cosaibh deirig ar an úrlár, chuir sí a laipíní tosaig i gcóir troda, agus dúbhairt go dána neamh-eaglach:-
    “Cá bhfuil an cat sin a bhí ar mo lorg indé?”
    Siobhán Ní Curnáin do sgríobh.
    Siobhán Bean Uí Curnáin (50) d’aithris..
    Caoldubh Uachtarach,
    Gleannbeithe,
    Co. Ciarraidhe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Cúrnáin
    Gender
    Female
    Informant
    Siobhán Bean Uí Cúrnáin
    Gender
    Female
    Age
    50
    Address
    Kealduff Upper, Co. Kerry