School: Leitir (roll number 15668)
- Location:
- Letter East, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Mac Eóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 087
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- SgéulBhí fear ann tráth darab ainm Seán Mhichíl, is bhí ana-dúil sa bhraon aige. Thagadh sé abhaile ar a deich a chlog istoidhche, shuidheadh sé ar a cathaoir compórdaigh in aice na teine, líonadh sé gloine le h-uisge bheatha, is bhaineadh sé dúig as ar a súbháilcheacht. Nuair a bhíodh an gloine folamh aige, líonadh sé airís é, agus, ní nách ionghnadh níor bhfada go raith creathadh ina láimh, is thuiteadh braon de’n uisge beatha ar an úrlár ó an go h-am. Bhí luch bheag i bpoll sa t-seómra is tháinig sí amach fé dhéin an bhraoin uisge bheatha, d’ól sí é is thaitn sé léi. Chuaidh sí isteach sa pholl annsan, is d’fhan sí ann gur thuit braon eile. Chuaidh sí fé ‘na dhéin airís is d’ól sí é. Fé mar a thuiteaadh braon ó ghloine Sheáin thagadh sí amach is d’óladh sí é. Fé dheire sheasaimh sí ar a cosaibh deirig ar an úrlár, chuir sí a laipíní tosaig i gcóir troda, agus dúbhairt go dána neamh-eaglach:-
“Cá bhfuil an cat sin a bhí ar mo lorg indé?”Siobhán Ní Curnáin do sgríobh.
Siobhán Bean Uí Curnáin (50) d’aithris..
Caoldubh Uachtarach,
Gleannbeithe,
Co. Ciarraidhe.- Collector
- Siobhán Ní Cúrnáin
- Gender
- Female
- Informant
- Siobhán Bean Uí Cúrnáin
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- Kealduff Upper, Co. Kerry