School: Leitir (roll number 15668)
- Location:
- Letter East, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Mac Eóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 092
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- SgéalDo bhí fear ann fadó is ní bheadh aoinne i gcómhnuidhe in aonfheacht leis sa tig ac thagadh buachaillí óga na h-áite isteach gach oídhche ag imirt cartaí, agus ag innsint sgéalta.
Oidhche amháin bhíodar ag innsint sgéalta mar gheall ar sprideanna agus ar an sgannradh a fuaireadar. Dúbhairt an fear ná fuair sé sgannradh ríamh mar ná túbharfhadh aon nídh ar domhan sgannradh dó. Cuir an chuid eile geall leis, ná raghad sé go dtí an roilig in am mairbh na h-oídhche, agus cnámh duine a bhreith abhaile leis.
Dúbhairt an fear go raghad, ac dá mbeadh an cnámh aige ag teacht abhaile, go gcaithfeadh sé deich scillinge d’fhághailt. Nuair a bhuail sé a dó dhéag a chlog d’imthigh sé leis féin, agus ag go bráth leis go dtí an roilig, ach chuaid beirt eile treasna na páirceanna is bhíodar ann roimis.
Luígheadar síos, agus ní fada a bhí, nuair a tháinig an fear. Do thosnuig sé ag réubadh suas an chré, agus i gcionn tamhaill, do buail cnámh leis. Is annsan, do labhair ceann des na buachaillí, agus dúbhairt sé leis an bhfear, an cnámh d’fágaint in a dhiaidh.(continues on next page)- Collector
- Mícheál Ua Gríbhthín
- Gender
- Male
- Informant
- Máirtín Ua Gríbhthín
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Letter East, Co. Kerry