Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)
- Suíomh:
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Mac Eóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 092
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- SgéalDo bhí fear ann fadó is ní bheadh aoinne i gcómhnuidhe in aonfheacht leis sa tig ac thagadh buachaillí óga na h-áite isteach gach oídhche ag imirt cartaí, agus ag innsint sgéalta.
Oidhche amháin bhíodar ag innsint sgéalta mar gheall ar sprideanna agus ar an sgannradh a fuaireadar. Dúbhairt an fear ná fuair sé sgannradh ríamh mar ná túbharfhadh aon nídh ar domhan sgannradh dó. Cuir an chuid eile geall leis, ná raghad sé go dtí an roilig in am mairbh na h-oídhche, agus cnámh duine a bhreith abhaile leis.
Dúbhairt an fear go raghad, ac dá mbeadh an cnámh aige ag teacht abhaile, go gcaithfeadh sé deich scillinge d’fhághailt. Nuair a bhuail sé a dó dhéag a chlog d’imthigh sé leis féin, agus ag go bráth leis go dtí an roilig, ach chuaid beirt eile treasna na páirceanna is bhíodar ann roimis.
Luígheadar síos, agus ní fada a bhí, nuair a tháinig an fear. Do thosnuig sé ag réubadh suas an chré, agus i gcionn tamhaill, do buail cnámh leis. Is annsan, do labhair ceann des na buachaillí, agus dúbhairt sé leis an bhfear, an cnámh d’fágaint in a dhiaidh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ua Gríbhthín
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ua Gríbhthín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí