School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mac Ciarainn
- XML Page 123
- XML “Clochán Mhóir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Do chuarduigheas Clochán Mhóir di ‘sa Cumar Cuanach síos
Fothrach Sheáin Chróin is tig Dhómhnaill Bun an Chaoil
Ghreadas liom gach cómhgar gur chuas go Bórd Eoghainín
‘S chuireas fear ón Lóthair á fógairt le cluigín.Do chuarduigheas féin gach baile dhi treasna suas is síos
Gach daingean, lios is cathair dí gach mainistir is Cill
A shamhail súd ní fheaca sa dá fhaid a bhíos fé shlighe
‘S chaitheas casadh abhaile annsan gan bean na Gruaige Buidhe.Nuair a thánga um neóin abhaile bhí scannradh mhór ‘na gcroidhe
Nuair d’innseas gach a bhfaca dóibh ‘s gach baile dár shiubhlaigheas
‘S deir lucht páipéir is almanaicí gur bean mhór magaidh í
‘S ná bainfeadh Aristotle ceart do bhean na Gruaige Buidhe.Ba dheas é bheith i n-aice leat lá beannaighthe i gCill
Ba dheas é bheith ar flaigí leat tré lár sráid bhaile síos
Tá cúlú leat i ngan fhios dom do dhein dhá leath dom chroidhe
Mo chúig céad slán nfhaid mhairfead leat a bhean na Gruaige Buidhe.- Informant
- Domhnall Ó Cúrnáin
- Gender
- Male
- Address
- Málainn, Co. Kerry