School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)

Location:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cathasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 152

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 152

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Page 152
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Sa tseana shaoghal fadó bhídís ag cur lín a bhogadh i bpoll portaigh agus ba mhinic dóibh ag goid ó na chéile.

    (continued from previous page)
    a Thaidhg Uí Laoghaire d’aithnigheas ort go ndeunfá an gnó ó’n oidhche a bhís ag imirt báire shiar in Uíbh Ráthaigh linn. Sin é mo mhac sa go bhfuilir ag baint an choirce dho le trí lá agus do thug duit an cúig púint deug a fuair sé ar iasacht mar ní raibh pingin ruadh aige féin. Tá casúr annsan fé’n mbórd. Beir air agus buail an falla annsan. Nuair a bhris Tadhg cuid de’n plástráil anuas bhí bosca istigh sa bhfalla agus é sin mar bhosca lán d’ór agus do bhris cuid eile don fhalla. Bhí bosca eile annsan a bhí lán d’airgead. Dubhairt le Tadhg san mar bhosca a bheith aige féin agus an bosca d’ór a thabhairt dá mhac féin mar bhí gádh maith aige leis. Nuair d’fág an fear annsan é chuaidh sé a chodhladh gur tháinig chuige an feirmeóir. Ghlaoidh an feirmeóir air agus d’fhiafruig do an raibh ‘na bheathaidh. “Táim” arsa Tadhg “agus scéalta maithe agam duit se. An bhfeiceann tú an bosca san sa bhfalla tá sé lán d’ór agus an bosca lena cois tá sé lán d’airgead. Dubhairt an fear liom an bosca d’ór a thabhairt duit se mar bhí gádh maith agat leis agus dubhairt sé seo mar bhoiscín bheith agam féin. Dubhairt sé fós arádh leat teacht agus cómhnuidhe sa tig agus ná bhraithfeá aon nídh go bráth arís. Dubhairt an feirmeóir le Tadhg go dtabharfadh sé cuid de’n ór le cois an méid eile do. “Ar mh-anam féin” arsa Tadhg “do dhéanfainn leis an méid thug sé dom.” Ní raibh aon gádh ag Tadhg dul thar chnoc go bráth arís mar bhí a dhóthain airgid le na shaoghal aige. Sin é mo sgéal so agus má tá bréag ann bíodh. Beannacht Dé le’n a anam agus le h-anamnachaibh na marbh.
    Stiopán Ua Séaghdha Neidín d’innis dá h-athair.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Stiopán Ua Séaghdha
    Gender
    Male
    Address
    Kenmare, Co. Kerry