School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mac Ciarainn
- XML Page 155
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Do Rinneadh pósadh ina na Corraibh uair...”
Eibhlín Ní Shúilliobháin Ceannuaig
Pádraig Ua Suilliobháin – a h-athair 70 bl.Do rinneadh pósadh ins na Corraibh uair. Bhí sluagh mór daoine ann agus ithe agus ól aca. Thárla ar uair a’ mheádhon oidhche go raibh an fuisgí ídighthe. Ní raibh le deunamh annsan acht seirbhíseach chur go Crois Ohermong mar is ann bhí iomad le fághail. Bhí bean neamh-eaglach ann darab ainm di Máire Ní Bhuachalla agus dúirt sí go dtabharfadh sí an turas isteach. Seadh bhuail sí léi siar tríd an Doire Mhór agus as san go Réachaill go bráth siar léi fé bhun Faill an Locha gur shrois sí geata Cill Ó Groín. Do bhuail léi annsúd sprid a d’fiafruigh di cá raibh a thriall chómh déanach. “Cá bhfuill do thriall nó cad a bheir annso thú chómh déanach” ars an sprid. “Táim á rádh leat sa gan teacht annso aon oidhche eile chómh déanach” ars an sprid. “Táim se a rádh leat sa gan teacht annso aon oidhche eile chómh déanach” ars Máire agus as go bráth léi go dtí an Crois. Líon sí ann an gallún le fuisgí agus do chas sí aprún timcheall air agus do bhuail ar a drom é. Nuair a shrois sí an geata arís cé bhí ann acht an sprid agus dubhairt léi, “Cad í sin a dubhairt leat ó chianaibh.” “Cad í sin a dubhairt leat ó chianaibh” arsa Máire. “Ná bí ag tabhairt a thuille cainnte dhom” ars an sprid agus do léim sí chúici acht má léim thug Máire fúithi. Do stracadar a’s do stoladar a chéile. Do réabadar an cnoc le fuinneamh. Fé dheire bhuaidh Máire uirthi agus do stol sí an clóca di. Bhain san an t-anam go léir di. Bhuail Máire léi as an sprid na diaidh a’s í ag gol chun an an clóca d’fhághailt acht níor thug sí di é.(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Shúilliobháin
- Gender
- Female
- Address
- Ceannúigh, Co. Kerry
- Informant
- Pádraig Ua Suilliobháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Ceannúigh, Co. Kerry