School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mac Ciarainn
- XML Page 200
- XML “Hens to Bed”
- XML “Ducks to Bed”
- XML “Geese to Bed”
- XML “Sparáinín an Airgid”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)cinn eile. Beir ar an gceann san arís. Caith anáirde arís é acht roimh breith air, cuir isteach póirín idir dhá mheur agus annsan fé’n láimh. Dein so go mbeidh na cinn eile fé’n láimh. Annsan árduigh an lámh chlé. Caith póirín anáirde agus tóg na cinn eile don talamh roimh breith air.
- 7. Ducks to Bed
Cuir bas na láimhe clí ar an dtalamh – meuranna ó chéile. Coimeád na póiríní san dorn deas. Caith ceann anáirde agus fén am san scaip na cinn eile. Beir air agus caith anáirde arís é. Cuir ceann díobh ar an dtalamh isteach idir barraíbh na meur roimh breith air. Lean annsan ag caitheamh anáirde agus ag cóiriú go mbeidh na ceithre cinn idir na meurannaibh. Caith anáirde an ceann arís agus tóg ceann idir na meurannaibh roimh breith air. Lean go mbeidh na cinn go léir agat. Arduígh an lámh chlé. Cuir na póiríní le chéile ar an dtalamh. Caith ceann anáirde agus beir greim ar na ceithre cinn eile roimh breith air. - 8. Geese to bed.
Amhail leis seo thuas acht go cuirtear drom na láimhe in ionad bas na láimhe ar an dtalamh. - You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.