School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)

Location:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cathasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 221

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 221

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Page 221
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    San mbliadhain 1825 a bhí an bruighean déidheannach aca i Máighistir Gaoithe agus ní dubhrathas aon Aifreann istig sa séipéal an Domhnach san...

    (continued from previous page)
    ná Diarmuid Ó Séaghdha Acad a Ghabha a cailleadh 1890.
    11.
    Tamaill roimis sin thárla troid eile i Máistir Gaoithe ar an gcnocán roimh Aifreann Dé Domhnaigh leis. Tháinig an Sagart an tAthair Mac Cárthaig agus fuair sé amach gur fear áirighthe de Mhuinntir Shúilleabháin (Casúraigh) thosnuig an troid i gcoinnibh muinntir Shéaghdha. Fuair an sagart greim ar bhata agus thug failp don Súilleabhánach mar gheall ar troid a thosnú. Bhuail an Súilleabhánach ar ais é adeir Naomh Pól. Tugtaí Sagart an bhata ar an tAthair Mhac Cárthaig na dhiaid san. D’fhág Mac Uí Shúilleabháin Máistir Gaoithe agus bhain sé amach síbín a bhí thiar sa mBréacaig ag Peaidí Dhiarmuid Uí Shúilleabháin. Loirg sé gloine fuiscí. Bhí cailín aimsire Máire ní hAodha sa tsíbín agus thug amach crúsca mór fuiscí go dtí an seomra ‘na raibh sé agus chuaidh sí annsan ar lorg miosúr gloine agus faid a bhí sí imthighthe rop an leaid an crúsca ar a cheann agus d’ól sé blast mór de agus slán mar a n’innstear é do dhíthigh sé é. Cailleadh é. Tamall ‘na dhiaidh san bhí dhearbhráthair an fhir a cailleadh ag ráiseanna sa phriaireacht agus ghabh toirmisc éigin do ann agus cailleadh é. Chuaidh an tAthair Mac Cárthaigh (Sagart an bhata) fé dhéin na sochraide agus níor ghaibh sé in aon iomchur capall iallaide ná faic eile ó fhág an sochraid an Phriaireacht go dtí gur ráinig an sochraid sin gáirdín Peats Casey thiar annson ach é ag siubhal roimis amach ag léigheamh leabhair úrnaighthe agus ag paidreóireacht.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. people
        1. factions (~230)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Ó Suilleabháin
    Gender
    Male
    Address
    Inse an Bháite, Co. Kerry
    Informant
    Mícheál Ua Mádhráin
    Gender
    Male
    Address
    Caol an Phréacháin Thiar, Co. Kerry