School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mac Ciarainn
- XML Page 250
- XML “An Seansaol”
- XML “An Seansaol”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Dómhnall Ua Cúrnáin Málainn 48 bl.An Seana Saoghal Roimis an droch shaoghal bhí prátaí curtha ag mo shean athair sa pháirc bhán is bhí meithiol fear aige á mbaint is bhaineadh gach fear aca dhá chiseán déag de chiseánaibh mhóra agus maol ar gach ciseán aca.
Bhí scata fear ag cur prátaí i gCeannuaig sa droch shaoghal. Bhíodar mar ba ghnáth ar dhá bhéile sa ló is bhí mórán don lá caithte nuair a glaodhadh chun bricfeasta ortha is bhíodar i ndeire na péice leis an ocras chómh mór san nár fhéad aon aca an rann a chur ‘na sheasamh sa gharrdha ‘na dhiaidh acht Donnchadh Ua Curráin sean Dómhnaill Uí Churráin ón Mhálainn. Bhí síth mhaith aige is bhí sléic ar na daoinibh eile. - Siobhán Ua Muircheartaigh 12½ bl. a h-athair1. Dhíol mo shean athair a chuid tailimh ar chloch mine
2. D’itheadar glasraí acht níorbh leór san
3. Fuair mo shin shean athair bás le h-ocras ag dul don Cuirreán do.
4. Deirtear go bhfuil ins na páirceannaibh timcheall uaigheanna daoine a fuair bás le gorta.
5. Ar an gcnoc tá rian uaighe annso agus annsud, carnán cloch nó leac á chosaint- Collector
- Siobhán Ní Mhuircheartaigh
- Gender
- Female
- Age
- 12