School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mac Ciarainn
- XML Page 264
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí bean ann fadó agus is é an ceárd a bhí aici ná ag auíomh gach oidhche...”
Pádraig Ua Súilleabháin Cúmastabha 70 bl. d’innisBhí bean ann fadó agus is é an céard a bhí aici ná ag sníomh gach oidhche. Thagadh bean amach as an lios gach oidhche chun cabhair a thabhairt di. Tháinig sí isteach chúichi lá a’s bhí deabhadh mór ar an mhnaoi chun an olann a bheith déanta aici. Bheir an bhean sidhe an t-olann léi go dtí an lios. D’innis sí a h-ainm do’n mhnaoi tighe nuair a bhí sí ag imtheacht a’s dubhairt sí léi gan a h-ainm a dhearmhad mar ní faghadh sí an snáth thar n-ais gan an t-ainm aici. Nuair a bhí an sídheóg imthighthe bhíodh an bhean ag rádh na h-ainme gach neómat ar eagla go ndeunfadh sí dearmhad air. Chuaidh sí a chodhladh an oidhche sin a’s nuair dhúisig sí ar maidin níor fheád sí cuimhneamh ar an ainm. Bhí sí i gcruadhchás a’s an aimsir ag imtheacht mar gur beag an spás bí fachta aici – mí. D’imthig mí a’s d’imthig bliadhain a’s lá a’s níor chuimhnig sí air. Tráthnóna an lae sin bhí an bhean ag tiomáint bó i bpáirc a’ leasa a’s chualaidh sí ceól sa lios. Do stad sí ag éisteacht is chualaidh sí an bhean ag amhrán: Dá mbeadha mo ainmse
Aige bean ar an mbaile seo
Mar atá a h-ainm sin agam sa
Teipel Tuaipil ceann ar tuathalNuair chualaidh an bhean na focail siúd léi fé dhéin an leasa agus ghlaoidh amach go h-árd “Teipel, Tuapail cuir amach mo snáth” Tugadh an snáth di agus dubhairt an sídheóg léi go raibh sí féin ar imtheachta as an lios agus go raibh sí lán t-sásta an snáth a thógaint uaithi.- Informant
- Pádraig Ua Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Com Dhá Stogha, Co. Kerry