Scoil: Máistir Gaoithe (uimhir rolla 4463)

Suíomh:
Máistir Gaoithe, Co. Kerry
Múinteoir:
Pádraig Ó Siochfhradha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 063

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 063

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Máistir Gaoithe
  2. XML Leathanach 063
  3. XML “Laethanta Áirithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Laetheannta Áirithe
    Bíodh alán piseóga ag na h-Éireannaigh fadó mar gheall ar laetheannta áirithe. Tá cuid de na piseóga sin le fághail fós go mór-mór ins na h-áiteanna in a labhartar Gaedhluinn.
    Deirtear go raibh naomh Bríghid ana mhaith chun sníomh agus in onóir di ní deintí aon sníomh lá 'le Bríghde. "Lá 'le Bríghde 'na saoire casaidhe" a deirtí. Deirtear go dtagann mí-ádh ar an duine a thugann bainne uaidh lá Bealtaine, agus ar an duine a thugann bainne uaidh aon lá eile gan salann a chuir ann.
    Uaireannta fadó ní deintí aon teine go dtí an dá uair déag, mar do chreidfidís go dtiocfadh mí-ádh ar an dtig ina mbíodh an chéad teine ar lasadh ann an lá san. Bíodh cuid des na daoine ag fitheamh go dtí go mbíodh deatach ag teacht as tig éigin eile. Tá an cuid is mó des na piseóga san imtigthe anois agus ní chuireann na daoine aon tsuim ionnta.
    Mícheál Ó Séaghda
    Cillín-Liath
    Maistir-Gaoithe
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó Séaghdha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Chillín Liath, Co. Kerry