School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (roll number 16702)
- Location:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Teacher: An Br. B. L. Mac Eoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- B'é Mícheál Ó Suilleabháin a fúair an t-eolas seo ó'n a mháthair Bean Uí Shúilleabháin atá ina comhnaidhe in Othar-mong.
Bhí mórán tíghearnaí talmhan in Éirinn fadó, acht ní'l puinn díobh ann anois, mar tá na feirmeacha díolta le Coimsiún na Talmhan.
Ó MATHGHAMHNABhí an tighearna seo ina chomhnaidhe i dtaobh thall i nGóilín. Bhí sé ana-dían ar na tineóntaithe agus bhí fuadh mór acu dó. Deirtear go raibh "Mallacht na bPréacán" ar muinntir Uí Mathghamhna agus tá fhios againn ná dheineann na preacáin aon nead ar na crannaibh mór-dtimcheall an tíghe. Do mharbhuigheadar buachaill a bhí ag marbhú caoire agus chuir a mháthair an mallacht ortha.Aon uair bhí duine de's na tineóntaidhthe dá phósadh. Thárla gur pósadh duine de muinntir Uí Mathghamhna an lá chéadna. Bhí bainfheís ag an dá ndream. Bhí an lánamha bocht ag tiomáint i gcósaire an trathnóna sin, agus thánadar suas leis an lánamha núadh agus a gcáirde ag tiomáint i gcósaire eile. Bhíodar chun dul amach rómpa ar an mbóthar ach stop Mathghamhna a cóisire féin. Léim a cháirde amach in dhíaidh agus thugadar fotha fé'n fhear nuadh pósta agus mharbhuigheadar é. Ní gadh a radh nár chuir an dlíghe cam isteach ortha in-aon-chor acht thuit Mallacht Dé go trom ortha.(continues on next page)- Collector
- Mícheál Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Oghermong, Co. Kerry
- Informant
- Bean Uí Shúilleabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Address
- Oghermong, Co. Kerry