School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (roll number 16702)
- Location:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Teacher: An Br. B. L. Mac Eoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
- XML Page 436
- XML “Scéalta Grinn”
- XML “Scéalta Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)duine aca. Maidean ag siubhal dó do casadh bean bocht leis agus d'iarr sí pingin air. Dubairt sé na raibh oiread agus feorling aige. Dubairt sí leis a lamh do cur ina phócha agus b'feidir go gcuifead Ár Slánathoir rud eigin inti cun é do tabhairt don bean bocht. Cuir an fear a lámh ina phócha agus fuair sé leat-coroin agus do thug sé don mnaoi é.Nuair d'fill sé abaile d'innis sé don fhear eile gur chuir Ár Slánathóir leath-coroin ina phóca cun é tabhairt don bean boct. "Beul a dearbrathair" arsan fear é "on cead uair eile a téighir amach bíodh d bhriste féin ort."
C) Bhí sagairt ann fadó agus bhí sé ag teacht go dtí an tig seo i gcomhnaidhe. Lá amháin do chonnaic an bhean an sagairt ag teacht agus rith sí taobh istig den dhoras agus bhí a dhá chois le feiscint. Nuair do tháinig an sagairt isteach d'iarr sé ar inghean na mná cá raibh a mathair agus dubairt sí go raibh sí amuic. Dubhairt an sagart lei gach uair eile a téigheadh sí amach a dhá chois do breith léi. - Bhí buachaill ann fadó; bhí sé ana shaidhbhir ac spruinnlethóir mór do beadh é. Ní chaithfeadh sé aon bhróga ach téigeadh sé timcheall ó áit go h-áit cosnocthuigte. Sa deire chuaidh sé go dtí an baile chun pheidhre bróga do ceannac. Níor(continues on next page)
- Collector
- Mícheál Ó Braonáin
- Gender
- Male
- Address
- New Street, Co. Kerry
- Informant
- Cáit Ní Laoidhe
- Gender
- Female
- Address
- Bólas, Co. Kerry