School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (roll number 16702)
- Location:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Teacher: An Br. B. L. Mac Eoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
- XML Page 409
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“San am nuair a bhí na hÉireannaigh ag talladh earraí ó tíortha iasachta do fuair Cúm a Chiste a ainm.”
(continued from previous page)Bhí fear eile ann leis, agus thóg sé an carn óir agus chuir sé i bhfolach é i gcúas a bhí i n-aice le Rinn-Iarthach.Tamall maith in dhíaidh sin, bhí an Captaoin ag fághail báis, agus dúbhairt sé le'n a mhac dul go h-Éirinn agus cúaird do thabhairt ar an áit a mharcáil sé ar léar-sgáil a bhí aige. Do tháinig an mach agus chúaidh sé go dtí athair Domhnaill O'Conaill agus d'íarr sé air teacht leis chun an óir d'fhághail. Do chúaidh sé féin agus Díarmuid a' Hata, sin an t-ainm a bhí ar athair Domhnaill O'Conaill go dtí an áit agus fúaradar an ciste no an t-ór. Sin an fáth go dtugtar Cúm a' Ciste ar an áit ó shoin amach.(no title)
“Fear saidhbhir ó Shasana a bhí ina chomhnaidhe in aice An Daingean fadó.”
D'innis Gearóid Ó Caoimh, buachaill aimsire annso sa mbaile, ach a tháinig ó Ceann Tuirc ar dtúis, an sgéal seo do Phronnséas Ó Braonáin. Scríobh Proinnséas an sgéal fé mar d'innis Gearoid é agus níor deineadh aon athrú air.
Fear saidbbhir ó Shasana a bhí ina chomhnaidhe inaice An Daingean fadó. Bíodh gur fear sadhbhir é ní raibh sé sásta le na raibh aige. Fear sanntach a bheadh é agus bíodh sé go canncrac mí-shásta(continues on next page)- Collector
- Proinnséas Ó Braonáin
- Gender
- Male
- Informant
- Gearóid Ó Caoimh
- Gender
- Male
- Occupation
- Oibrí tí