School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (roll number 16702)
- Location:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Teacher: An Br. B. L. Mac Eoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bé Proinnséas Ó Braonáin a bailig na paidreacha seo ó Seán Ó Duineachdha Cill Orlaighe An Gleann.
Seo paidir a bhíodh ags na daoine ag luighe síos 's toidhche "Fioghar na Croise glórmar idir sin is gach olc ó indiu go bliadhain ó indiu agus an uair sin amháin le Dia"
Do dheinidís fíoghar na croise le linn doibh bheith na luighe.
Seó paidir a bhíodh ags na daoine ag dul don aonach"Eiríghim suas le Dia
Go n-eirígheadh Dia liom láimh
Dia im thimceall
Ag suidhe agus am luighe
Is ag eirghe dom
Seo paidir a bhíodh aca ag coigilt na teine"Coiglim an teine seoMar coigleann Críost cáchMuire ar dhá ceann an tighe is Brighid 'na lárGach a bhfuill d'ainglibh is do naomaibh i gCathair na nGrásAg cosaint is ag coiméad lucht an tighe seo go lá"
Seo paidir ach ní fios dom cathain a deirtear é."A Muire Mháthair is a Mhaighdean ró-glórmarTabhair dúinn radharc do theaglach mór comhachtachSolus na soillse is radharc na TrionóídeA's grásta na foidhne in aghaidh na h-eagcóra."- Collector
- Proinnséas Ó Braonáin
- Gender
- Male
- Informant
- Seán Ó Duineachdha
- Gender
- Male