School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)

Location:
Ballyhearny West, Co. Kerry
Teacher:
Partolan Ó Gríbhthín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 196

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0479, Page 196

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
  2. XML Page 196
  3. XML “Feilí na Bliana”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá mórán feilí i rith na bliana cur i gcás Lá 'le Stíobháin, an oidhce roimh Lá 'le Bríghde, agus Lá Fhéile shon Sheáin.

    Téigheann muinntear na h-áite tímcheall leis an mBríghideóigh an oidhche roimis Lá 'le Bríghde. Sean nós dob eadh é, agus choiméadar an sean nós 'na bhearthaigh fós.
    Uair amháin do bhí scata daoine ag dul tímpeall leis an mBrígdeóigh geall le seascadh bliadhain ó thoin. Thánadar go dtí tigh éigint i gCurrach Beag. Do chuir muinntir a' tighe faílte rómpa agus thugadar roinnt airgid dóibh. Cromadar ag rinnce annsan agus bhí mórán spóirt aca.
    Taréis tamaill chuaidh ceann de buachaillí a' tíghe suas an staighre, agus do caith sé uisge leis na daoine a thánaig isteach leis an mBriígideóig, agus bhíodar fliuch báidthe ag dul abhaile.
    Níor chuaidh an scata céadna de buachaillí isteach 'san dtigh sin riamh ó shoin.

    Deirtear go raibh fear dar'b ainm Séamus Ó Suilliobhaín ina chómhnaidhe i bhFiadhach Meadhon uair amháin. Níor leig sé Oidhche 'son Sheáin riamh thairis gan teine cnámh do dhéanamh.
    Do tabharadh sé fód dearg do gach páirc 'na bheadh barra annsan mar deireadh sé ná
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Loingsigh
    Gender
    Female
    Address
    Coarha More, Co. Kerry
    Informant
    Muiris Ó Concubhair
    Gender
    Male
    Age
    52
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Coarha More, Co. Kerry