Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)

Suíomh:
Ballyhearny West, Co. Kerry
Múinteoir:
Partolan Ó Gríbhthín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0479, Leathanach 118

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0479, Leathanach 118

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
  2. XML Leathanach 118
  3. XML “Tuile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bean darab ainm Cáit Ní Dhonnchadha 'na cómhnaidhe i mBaile an tSéipéil, agus bhí sí 'na tigh féin 'na aonar le hais abhann na Caoile mar bhí a céille agus a mhac tar éis báis d’fághailt.
    Gach uair a bhíodh tuille san abhainn bhíodh tuille 'na tigh leis, agus annsan gach uair a chloiseadh sí an abha ag deunamh glóir le tuille bhíodh eagla uirthe agus ritheadh sí go tigh eile agus d’fanadh sí ann go dtí go mbíodh an tuille imthighthe.
    Fuair Cáit bás agus ní raibh sí marbh ach cúpla lá nuair a bhí tuille ann, do tháinig sé agus do sgiob sé an tigh go léir agus níor leigeadh ann ach fothrach chun a theaspáint go raibh tigh ann.
    Deireadh na comharsain gur mhaith an bhail uirthe í bheith imthighthe mar go mbrisfeadh a croidhe nuair a chídhfeadh sí a tigh beag sgiobtha leis an dtuille agus deireadh daoine go mbéidir go mbeadh sí ‘na codhladh nuair a thiochfadh an tuille agus go mbeadh sí báidhte mar bhí sí ana aosta agus is minic a bhíodh sí ‘na codhladh i rith an lae.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. processes and phenomena
      1. rain and floods (~124)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlís Ní Loingsig
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Coarha More, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Loingsigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    50
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Coarha More, Co. Kerry