School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- De réir na sean daoine bí roint maith filí san oileán seo fadó agus deireann siad leis go rabhadar ag deanamh filídheachta gach lá nách mór. Bhí file binn i gCuíl Sean Ó Murchudha dobainm dó. Bhí sé ag deánamh píosaí le linn a oíge agus nuair dfás sé suas bhí sé ana maith chun iad do dhéanamh.Gach oidhche do taghadh triúr eile go dtí a thig ag deánamh filiadhachta ag cáineadh de gnáth daoine an oileái agus á sgrí ar slinnthe. Sin é an baint siar amháin a bhí air - ní -leigfeadhsé aoine thart gan píosa do deanamh ortha. Dá bhrígh sin do loit sé é feín agus níor coimeád aoine a piosaí filídheachta.Bhí baintreach bocht na cómhnaidhe inaice leis ní raibh aice acht bothaínín suarach ar thaobh an bhóthair. Do dhein sé píosa mar gheall ar an mbothán.Nuair a cualadh an bhean é bhí sí ar buille agus cuaidh sí go dtí a doras ar a dhá ghluín á mhallachtú. Seachtmhain na dhiaidh sin deirig sé breóite agus fuair sé bás ar aois a 64 blian
Sorcha Ní Chúipéir
Teinnibh- Collector
- Sorcha Ní Chúipéir
- Gender
- Female
- Address
- Tinnies Lower East, Co. Kerry
- Informant
- Padruig Ó Loíngsigh
- Gender
- Male
- Age
- 53
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tinnies Lower East, Co. Kerry