School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
- XML Page 139
- XML “Pósaithe”
- XML “Pósadh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)duine acu.Bhíodh fáilte ag na daoine rómpa, mar do bhíodh siad ag rinnce nuair a thagadh siad, agus do bhíodh mórán spóirt aca.Do bhíodh cóisre in áiteanna eile acht ní bhíodh annso¸ mar ní raibh na cairteanna cliathánacha acu, acht do bhí ceann ag Ridire Ciarraighe.B’sin an sean nós pósta a bhí acu, acht do shóinseáileadh é le h-imtheacht aimsire.
- Céad blian ó shoin bhí saoghal cruaigh ag muinntear na h-Éireann agus mar sin théigheadh na daoine amach go h-ana luaith ’na saoghal chun slíghe bheatha do dhéanamh agus ní bhíodh siad ach ceithre bliana deug nó mar sin nuair a phósadh siad. Dá mbíodh siad ó’s cionn fiche blian deireadh na daoine go raibh siad ana aosta gan bheith pósta.Dá bhfeicfeadh beirt a bhí réidh chun pósadh snag breac ní phósadh siad in aon chor mar ceapadh siad go mbeadh mí rath ortha.I dtigh an chailín a phósadh siad an uair sin. Maidin(continues on next page)
- Collector
- Eibhlís Ní Loíngsigh
- Gender
- Female
- Address
- Coarha More, Co. Kerry
- Informant
- Muiris Ó Conchúbhair
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Coarha More, Co. Kerry