School: Meall an tSrutháin (roll number 2117)

Location:
Maulatrahane, Co. Cork
Teacher:
Dll. Ó Luasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0299, Page 146

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0299, Page 146

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Meall an tSrutháin
  2. XML Page 146
  3. XML “Loch atá fá Dhraíocht”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    B'fhéidir go bhfuil feall taoide éigin i ndoimhneas an locha agus gurab í sin ciall agus réidhteach na ceiste diamhaire atá ag dul ós cionn meabhrach na ndaoine le fada.
    Tá sé tabhartha fé ndeara amthach ag na sean daoine gur cómhartha droch-aimsire é nuair chítear na h-oileáin seo ag an gceann thuaidh den loc agus go mbíonn síad san leith thiar ar theacht na Gairbhshíne ceart. San dtaobh theas nó thiar-theas den loch is mó a bhíonn síad sa ló le linn deagh-aimsire. Bhí gaduidhthe nó lucht méirligh i gcomhursanacht an locha so timcheall cúpla céad bliain ó shin agus tá sé i mbéalaibh na ndaoine ann fós gur dhún-mhairbh síad bean ann taréis í do robáil agus gur chaitheadar a corpán isteach san Dubh-loch. Agus nuair bhíteas ar lorg an chorpáin annsan do cuireadh punann arbhair isteach san uisge agus coineall coiscreachan ar lasadh ar bharr na punainne. Do lean an phunann ar snámh leis an ngaoith go cheann tamaill agus nuair a tháinig sé go dtí an an áit a bhí díreach ós cíonn an chorpáin san uisge do stad sí uaithe féin agus do chuaidh an choineall in éag. Deirtear gurab í sin an chaoi a frítheadh corpán na mná sa loch an uair sin. Gídh go bhfuil scéal agus fáth an dursain ag a lán daoine ann fós, [?]
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    2. agents (~1)
      1. people
        1. robbers (~423)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Choileáin
    Gender
    Female
    Address
    Coornishal, Co. Cork