Scoil: Meall an tSrutháin (uimhir rolla 2117)
- Suíomh:
- Meall an tSrutháin, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Dll. Ó Luasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)B'fhéidir go bhfuil feall taoide éigin i ndoimhneas an locha agus gurab í sin ciall agus réidhteach na ceiste diamhaire atá ag dul ós cionn meabhrach na ndaoine le fada.
Tá sé tabhartha fé ndeara amthach ag na sean daoine gur cómhartha droch-aimsire é nuair chítear na h-oileáin seo ag an gceann thuaidh den loc agus go mbíonn síad san leith thiar ar theacht na Gairbhshíne ceart. San dtaobh theas nó thiar-theas den loch is mó a bhíonn síad sa ló le linn deagh-aimsire. Bhí gaduidhthe nó lucht méirligh i gcomhursanacht an locha so timcheall cúpla céad bliain ó shin agus tá sé i mbéalaibh na ndaoine ann fós gur dhún-mhairbh síad bean ann taréis í do robáil agus gur chaitheadar a corpán isteach san Dubh-loch. Agus nuair bhíteas ar lorg an chorpáin annsan do cuireadh punann arbhair isteach san uisge agus coineall coiscreachan ar lasadh ar bharr na punainne. Do lean an phunann ar snámh leis an ngaoith go cheann tamaill agus nuair a tháinig sé go dtí an an áit a bhí díreach ós cíonn an chorpáin san uisge do stad sí uaithe féin agus do chuaidh an choineall in éag. Deirtear gurab í sin an chaoi a frítheadh corpán na mná sa loch an uair sin. Gídh go bhfuil scéal agus fáth an dursain ag a lán daoine ann fós, [?](leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Choileáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cuar Níseal, Co. Chorcaí