School: Duíbhlios
- Location:
- Deelish, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
![The Schools’ Collection, Volume 0303, Page 156](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0303%2FCBES_0303_156.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0303, Page 156
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Duíbhlios
- XML Page 156
- XML “Seanafhilí na Seanaimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Sean Filí - Seán na SráideBhí faobhar ar theanga Sheáin na Sráide leis. Fúair a mháthair bás agus thánaig mná caointe cun an tórraim on nGarradh Glas (Paroiste an [?].) Thug Seán agaidh ortha go searbh.
mar seo.
A Mhná Caointe ánuas on nGarradh Glas,
Nach [?] a tachtadh sibh,
Ní hí mo bhanaltra a thog ón mbaile sibh,
Ach tobac 's salann i gcóir na Seachtmhane.Le linn do thórramh a mháthair a bheith ar siúbhal, bhí bean sa chómhursanacht a lean uirthí ag sníomh, rud nár réidhtig ró-mhaith le Seán, agus chun crot níos measa do chur ar an ngníomh b'í an chéad duine nár staon ó obhair le h-omós do'n té a bhí marbh. Ag so im dhiaidh an stealladh teangan a thug Seán do'n mhnaoi úd :-
A bhean úd thios an túirne láimh
An fulún fuar go dtigidh it láimh
Ná leigfeadh do thúirne lín ar lár
Chun go nglanfadh mo bhanaltra an t-sráid.Nuair a tháinig sé chun tighe an t-sagairt chun iaraidh ar an sagart dul chun na sochraide, do theasbeáin sé go soiléir nach raibh aon bháidh ró-mhór aige leis an gcléir, ná aon truagh aige dhóibh. Seo mar do(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Laoghaire
- Gender
- Male
- Collector
- Seán Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Deelish, Co. Cork
- Informant
- Domhnall Ó Laoghaire
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Address
- Drimoleague, Co. Cork