Scoil: Duíbhlios
- Suíomh:
- Duílis, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0303, Leathanach 156](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0303%2FCBES_0303_156.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0303, Leathanach 156
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Sean Filí - Seán na SráideBhí faobhar ar theanga Sheáin na Sráide leis. Fúair a mháthair bás agus thánaig mná caointe cun an tórraim on nGarradh Glas (Paroiste an [?].) Thug Seán agaidh ortha go searbh.
mar seo.
A Mhná Caointe ánuas on nGarradh Glas,
Nach [?] a tachtadh sibh,
Ní hí mo bhanaltra a thog ón mbaile sibh,
Ach tobac 's salann i gcóir na Seachtmhane.Le linn do thórramh a mháthair a bheith ar siúbhal, bhí bean sa chómhursanacht a lean uirthí ag sníomh, rud nár réidhtig ró-mhaith le Seán, agus chun crot níos measa do chur ar an ngníomh b'í an chéad duine nár staon ó obhair le h-omós do'n té a bhí marbh. Ag so im dhiaidh an stealladh teangan a thug Seán do'n mhnaoi úd :-
A bhean úd thios an túirne láimh
An fulún fuar go dtigidh it láimh
Ná leigfeadh do thúirne lín ar lár
Chun go nglanfadh mo bhanaltra an t-sráid.Nuair a tháinig sé chun tighe an t-sagairt chun iaraidh ar an sagart dul chun na sochraide, do theasbeáin sé go soiléir nach raibh aon bháidh ró-mhór aige leis an gcléir, ná aon truagh aige dhóibh. Seo mar do(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Laoghaire
- Inscne
- Fireann
- Bailitheoir
- Seán Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Duílis, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Laoghaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Drom Dhá Liag, Co. Chorcaí