School: Doire an Chairn (roll number 12976)
- Location:
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Teacher: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire an Chairn
- XML Page 365
- XML “Ainmhithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tá mórán ainmhídhe againn sa bhaile ar an bhfeirm, mar ba, capaill, gamhain, caoire agus gabhair agus asal. Siad na h-ainmneacha atá ar na búaibh atá againne ná Báiní, Geadach, Cúibí Dearg Crónseach agus Maol. Cuirtear fraoch raithineach, fionán bán, agus aitin gaolach mar easair fé's na búaibh. Deintear na ceanghala do mhála oscailte. Geartar an mála i striopaí gach aon striopa faid ceangail annsan faightear cipín agus castar é, fíghtear ar a céile annsan íad agus bíonn siad mar briodán ón t-siopa. Bíonn nasc sa bhfalla agus ceanghaluightear an briodán do'n nasc agus annsan is féidir an bó do cheangal. Sé an ainm a tugtar ar tig na mbó ná cró.
Crochtar failime i gcró na mbó Domhnach na Failme.- Collector
- Cáit Ní Súileabháin
- Gender
- Female
- Address
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Informant
- Seán Ó Súileabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Derreenacarrin, Co. Cork