School: Doire an Chairn (roll number 12976)
- Location:
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Teacher: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire an Chairn
- XML Page 457
- XML “Tithe na Seanaimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sa bhfalla agus do lasaidís é sin agus lasfaidís é san oidhce igcóir an soluis, agus chuiridís bloc guisé sa teine agus beagán móna. Ar bhárr an tíghe bhíodh slata fighte ar a chéile ar nós cliabhán gan tón ag déanamh an tsímné dóibh. Ní bhíodh ins na sean tighthibh acht leath lochta agus bíodh sé sin ar an dtaobh thíos den tíghe. Ar an dá thaobh eile den tsimné bhíodh dá sciothóg socruighte ar na béamaí chun rudaí a choimead tirm. Uaireannta ní bhíodh acu acht aon fhuinneóg amháin ins na tigtibh agus nuair ná raibh aon gloinne acu is é rud a chuiridís ann ná mála lá de féar, ní bhíodh sé sin ann acht ins an oidhche agus nuair a bhíonn an lá ana fhluich.
- Collector
- Siobhán Ní Úrdail
- Gender
- Female
- Address
- Tooreennagrena, Co. Cork
- Informant
- Mícheál Ua Úrdail
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 53
- Address
- Tooreennagrena, Co. Cork